{"product_id":"mol-an-oige-2","title":"Mol an Oige 2","description":"\u003cp\u003eIs do scoláirí Dara agus Tríú Bliana é Mol an Óige 2 (Gnáthleibhéal) agus tá sé ag teacht leis na treoracha atá leagtha amach i Sonraíocht na Sraithe Sóisearaí don Ghaeilge (L2) agus sa Chreat don tSraith Shóisearach.\u003c\/p\u003e\r\n\u003cul\u003e\r\n\u003cli\u003eTá seacht gcéim i ngach aonad: Céim a 1: Litríocht agus Cultúr, Céim 2–6: Cumas Cumarsáide agus Céim a 7: Athbhreithniú agus Féinmheasúnú.\u003cbr\u003eLéirítear na Torthaí Foghlama mar chuspóirí foghlama soiléire.\u003c\/li\u003e\r\n\u003cli\u003eTá liosta de na Torthaí Foghlama cuí i gcás na dtrí shnáithe ag tús gach céime.\u003c\/li\u003e\r\n\u003cli\u003eRannóg Chur i Láthair ina bhfuil ábhar, stór focal agus modhanna éagsúla chun réimse leathan topaicí a chur i láthair, rud a chuidíonn le scoláirí agus iad ag ullmhú do MRB 2.\u003c\/li\u003e\r\n\u003cli\u003eTá tagairtí rialta don Mheasúnú chun Foghlama (McF) sa leabhar.\u003c\/li\u003e\r\n\u003cli\u003eAibhsítear gníomhaíochtaí a d’fheilfeadh don Mheasúnú Rangbhunaithe.\u003c\/li\u003e\r\n\u003cli\u003eIs féidir le scoláirí féinmheasúnú a dhéanamh ag úsáid na dticbhoscaí sna rannóga ‘Féinfheasacht an Fhoghlaimeora: Féinmheasúnú’.\u003c\/li\u003e\r\n\u003cli\u003ePléitear gnéithe de chultúr na hÉireann agus saol na Gaeltachta ar bhealach cuimsitheach.\u003c\/li\u003e\r\n\u003cli\u003eCuirtear béim ar an litearthacht leis na heochairnathanna agus an réamhobair sa rannóg chluastuisceana.\u003c\/li\u003e\r\n\u003cli\u003eMúintear an ghramadach i mbealach comhtháite, agus tá aonad gramadaí ar leith ann a thugann deiseanna breise staidéir don scoláire, agus a chinntíonn feasacht teanga.\u003c\/li\u003e\r\n\u003cli\u003eTá Ceist ilmhódach i ngach aonad.\u003c\/li\u003e\r\n\u003c\/ul\u003e\r\n\u003cp\u003e\u003cstrong\u003eAcmhainní SAOR IN AISCE do Scoláirí\u003c\/strong\u003e\u003c\/p\u003e\r\n\u003cul\u003e\r\n\u003cli\u003eSa Punann agus Leabhar Gníomhaíochta tá:\r\n\u003cul\u003e\r\n\u003cli\u003eGníomhaíochtaí ina gcruthaíonn an scoláire samplaí oibre\u003c\/li\u003e\r\n\u003cli\u003eGníomhaíochtaí a thacaíonn leis na haonaid\u003c\/li\u003e\r\n\u003cli\u003eTraenáil sa dréachtú agus athdhréachtú\u003c\/li\u003e\r\n\u003cli\u003eLoga gramadaí\u003c\/li\u003e\r\n\u003cli\u003eBileoga Féinmheasúnaithe\/Machnaimh\u003c\/li\u003e\r\n\u003cli\u003eDhá thriail chluastuisceana shéasúracha\u003c\/li\u003e\r\n\u003c\/ul\u003e\r\n\u003c\/li\u003e\r\n\u003cli\u003eAr CD 1 na Scoláirí tá na míreanna fuaime do na rannóga'\u003c\/li\u003e\r\n\u003cli\u003eCur i Láthair’, na dánta atá sa téacsleabhar agus na trialacha cluastuisceana ón Punann agus Leabhar Gníomhaíochta.\u003c\/li\u003e\r\n\u003cli\u003eAr CD 2 na Scoláirí tá an t-ábhar cluastuisceana ar fad ón téacsleabhar.\u003c\/li\u003e\r\n\u003c\/ul\u003e\r\n\u003cp\u003e\u003cstrong\u003eAcmhainní SAOR IN AISCE do Mhúinteoirí\u003c\/strong\u003e\u003c\/p\u003e\r\n\u003cul\u003e\r\n\u003cli\u003eSa Leabhar Acmhainní do Mhúinteoirí tá:\u003cbr\u003e- Léargas ginearálta ar an gCreat don tSraith Shóisearach\u003cbr\u003e- Cur síos ar an tSonraíocht don Ghaeilge agus naTreoirlínte Measúnaithe\u003cbr\u003e- Scéim Oibre don Dara agus Tríú Bliain\u003cbr\u003e- Pleanáil agus tacaíocht do MRB 1 agus MRB 2\u003cbr\u003e- Scripteanna iomlána CD agus físe\u003c\/li\u003e\r\n\u003cli\u003eCDanna na Múinteoirí (na scrúduithe cluastuisceana ar fad agus athsheinm).\u003c\/li\u003e\r\n\u003cli\u003eTá acmhainní digiteacha breise ar fáil ar ár suíomh acmhainní, \u003ca href=\"https:\/\/www.gillexplore.ie\/\" target=\"_blank\" rel=\"noopener noreferrer\"\u003ewww.gillexplore.ie\u003c\/a\u003e, san áireamh anseo tá sleamhnáin PowerPoint, físeanna MRB agus teimpléid\u003c\/li\u003e\r\n\u003c\/ul\u003e\r\n\u003cp\u003e\u003cstrong\u003eeLeabhar\u003c\/strong\u003e\u003c\/p\u003e\r\n\u003cp\u003eeLeabhar saor in aisce a bhfuil físeanna agus naisc idirlín leabaithe ann – féach an clúdach laistigh. Gheobhaidh múinteoirí a úsáideann an leabhar rochtain ar leaganacha eLeabhair den Punann agus Leabhar Gníomhaíochta agus Leabhar Acmhainní do Mhúinteoirí saor in aisce.\u003c\/p\u003e\r\n\u003cp\u003e\u003cbr\u003eIs féidir teacht ar eLeabhair Gill Education ar líne agus as líne.\u003c\/p\u003e\r\n\u003cp\u003e \u003c\/p\u003e\r\n\u003cp\u003e\u003cstrong\u003eNA hÚDAIR\u003c\/strong\u003e\u003c\/p\u003e\r\n\u003cp\u003eMúineann \u003cstrong\u003e\u003cem\u003eCaitríona Ní Shúilleabháin\u003c\/em\u003e\u003c\/strong\u003e Gaeilge agus ceol i Meánscoil na Trócaire, Cnoc an tSeabhaic, Co. Chiarraí. Tá taithí fhairsing mhúinteoireachta aici agus is í a scríobh an tsraith Aois na Glóire don Teastas Sóisearach agus is comhúdar na leabhar Spreagadh agus Samhlaíocht don Ardteist í.\u003c\/p\u003e\r\n\u003cp\u003e\u003cbr\u003eMúineann \u003cstrong\u003e\u003cem\u003eTriona Geraghty\u003c\/em\u003e\u003c\/strong\u003e Gaeilge agus Fraincis i gColáiste Rís, Cathair na Mart, Co. Mhaigh Eo. Tá go leor taithí aici mar scrúdaitheoir do na scrúduithe cainte Gaeilge agus is í a scríobh Less Stress More Success: Leaving Certificate Irish Higher Level, agus is comhúdar na leabhar Spreagadh agus Samhlaíocht don Ardteist í.\u003c\/p\u003e\u003cp\u003eIs do scoláirí Dara agus Tríú Bliana é Mol an Óige 2 (Gnáthleibhéal) agus tá sé ag teacht leis na treoracha atá leagtha amach i Sonraíocht na Sraithe Sóisearaí don Ghaeilge (L2) agus sa Chreat don tSraith Shóisearach.\u003c\/p\u003e","brand":"Gill Education","offers":[{"title":"Paperback","offer_id":55139549741443,"sku":"9780717180318","price":32.95,"currency_code":"EUR","in_stock":true}],"thumbnail_url":"\/\/cdn.shopify.com\/s\/files\/1\/0910\/3664\/7811\/files\/555debf777d0ef5414ab8d378fbd93e3.jpg?v=1741439638","url":"https:\/\/shop.gill.ie\/products\/mol-an-oige-2","provider":"Gill","version":"1.0","type":"link"}